• Ardú ar praghas an NCT

    Custaiméirí le do thoil bíodh eolas agat - ón 1ú Feabhra 2012 beidh an costas NCT iomlán á mhéadu go €55.00, tá an praghas ath-teist mar an gcéanna ag €28.00.

  • Nuashonrú Míreanna tástála NCT 1ú Eanair 2012

    Tá na hathruithe ar na tástálacha ródacmhainneachta tréimhsiúla faoi sainordú an Treoir 2010/48/EU. Is é aidhm an Treoir seo a chomhchuibhiú na réimis tástáil don “Ballstáit” agus don chéad uair a liostáil modhanna tástála agus na cúiseanna le theip do gach mír. Tá cuid de na míreanna tástála san NCT taréis a bheith aithraithe chun cloí le riachtanais an Treoir. Tá na hathruithe seo i bhfeidhm ó 1ú Eanáir 2012. Féach ar an liosta iomlán de na hathruithe san Lámhleabhar Tástálaithe NCT agus tá cóip athbhreithnithe den lámhleabhar NCT ar fáil chun íoslóidáil.

  • Níl an NCTS ag ghlacadh seiceanna a thuilleadh.

    Tabhair faoi deara ón 1ú Lá d’Eanair 2012 ,ní  beidh an NCTS ag glacadh seiceanna a thuilleadh in aon cheann de na h-ionad tástála. Cliceáil anseo le haghaidh thuilleadh eolas a fháil ar na mhodhanna íocaíochta eile.

  • Comhghairdeas do na 12 lá ón lá a leanas Buaiteoirí na Nollag €1,000:

    Lá 12: Tresa Hayes, luimneach
    Lá 11: Anne Frances Wetzel, luimneach
    Lá 10: Vanessa Smith, Atha Cliath
    Lá 9: Philip Caldwell, Cabháin
    Lá 8: Irene Kavanagh, Corcaigh
    Lá 7: Maurice McGaley, Ciarraí
    Lá 6: Mary Wharton, Atha Cliath
    Lá 5: Eithne Sheehy, Corcaigh
    Lá 4: Barry Pender Motors, Chill Chainnigh
    Lá 3: Denis McGuinness, Cill Mhantáin
    Lá 2: Gerald Lacey, Cill Dara
    Lá 1: Susan Commins, Uíbh Fhailí

  • Cuir in áirithe do NCT ar líne agus faigheann thú dearbhán bronntanais do sos óstán in Éirinn

    Custaiméirí a cuireann in áirithe  an NCT ar líne faigheann siad dearbhán le haghaidh fanacht i só -óstán 3* nó 4 *ar fud na tíre,  2 B & B agus 1 dinnéar do € 98 .Chomh maith leis sin  is féidir leat  usaid a bhaint as an tríú oíche SAOR IN AISCE nuair a théann tú lár na seachtaine,  Tá páistí faoi 10 saor in aisce nuair a chomhroinnt seomra le daoine fásta, faoi réir pholasaí óstáin agus infhaighteacht.

    Gheobhaidh tú do chód bolscaireachta I do email deimhnithe áirithe.

  • NCT Bhliantúil

    NCT Bhliantúil do caranna 10 bhlian d'aois agus níos sinne ag tosnú 1 ú Meitheamh 2011, ciallaíonn sé seo gach car i lathair le haghaigh a 10 ú comóradh no NCT ina dhiaidh shin ar nó tareis an 1ú meitheamh 2011 gheoibhaidh deibhniú a beidh bailí suas ar feadh bhliain amháin .

    Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas a d'fhéadfadh difear do feithicle ansin cliceáil anseo
  • Ceapadh NCTS ag na Coimisinéirí Ioncaim chun Iniúchtaí CCF a dhéanamh

    Ó 1 Meán Fómhair 2010 ar aghaidh, ní bheas ábalta feithicil a thugtar isteach sa Stát a chlárú a thuilleadh ag Oifig Cláraithe Feithiclí na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní foláir an fheithicil a thabhairt anois go dtí ceann amháin de na 22 ionad NCTS ainmnithe.

    Duine a theastaíonn uaidh nó uaithi feithicil a chlárú, beidh air nó uirthi coinne a dhéanamh le hoifig NCTS. Is féidir coinne a dhéanamh trí roinnt mhodhanna difriúla, lena n-áirítear ar líne, tríd an teileafón ar 1890 927 787 nó tríd an bpost. De bharr na n-athruithe nua seo beidh seacht lá acu siúd a thugann gluaisteáin isteach sa Stát chun coinne a chur in áirithe agus 30 lá chun an próiseas cláraithe a thabhairt i gcrích (i gcomórtas le 24 huaire faoi na rialacháin atá ann i láthair na huaire).

    Is féidir tuilleadh eolais ar na hathruithe nua a aimsiú ar an leathanach CCF againn atá tiomnaithe go speisialta don tseirbhís seo

    Osclaíodh Ionad NCT na nGlaschnoc go hoifigiúil
    Osclaíodh an tIonad nua NCT sna Glaschnoic, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, go hoifigiúil ag an Aire Iompair, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh T.D. - tá 46 ionad NCTS ar fud na tíre anois. Is é ionad na nGlaschnoc, atá comhdhéanta de 5 lána, an ceathrú ionad tástála i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus fónfaidh sé do dhaoine ó Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Iarthar Chill Mhantáin agus Tuaisceart Chill Dara. Cliceáil anseo chun amharc ar roinnt grianghraf den ócáid oifigiúil seo.

  • D’fhógair an tAire chomh maith  ar na  haithruithe nua san NCT a fholaíonn an cigireacht bliantúil d’ fheithcilí  de 10 bliana d’aois agus níos sine

  • Comhartha "e" ar na Boinn
    Taispeánann comhartha "e" go gcomhlíontar an t-íoschaighdeán comhaontaithe maidir le toisí, ualach agus luasrátáil an bhoinn. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil agus chun a fháil amach cén fáth go bhfuil sé tábhachtach boinn le comharthaí "e" a bheith agat.

  • Le héifeacht ó 1 Aibreán 2010 ar aghaidh, cuirfear 7 mír eile leis an Tástáil Náisiúnta Carranna.
    Cliceáil anseo chun amharc ar liosta iomlán de na príomhathruithe.

  • Is féidir an Lámhleabhar nua athcheartaithe NCT 2010 a íoslódáil anseo anois.

  • Ó 1 Eanáir 2010 ar aghaidh, agus an fheithicil á thabhairt isteach chun iniúchadh a dhéanamh uirthi, cuirfear de cheangal ar úinéir na feithicle/ar an duine a thugann an fheithicil isteach, foirm aitheantais (Ceadúnas Tiomána nó Pas amháin) a thabhairt leis nó léi go dtí an tIonad Tástála.

  • Stopfaidh an tseirbhís ceadúnaithe do bheagfheithiclí seirbhíse poiblí (SPSV) de bheith ag oibriú ó ionaid NCT ó 23 Nollaig 2009 ar aghaidh. Ó 4 Eanáir 2010 ar aghaidh, aistreoidh an tseirbhís seo go dtí líonra nua de 37 Ionad Réigiúnach á oibriú ag SGS Ireland ar son an choimisiúin. Seolfar mionsonraí ar na hionaid seo go dtí gach sealbhóir ceadúnais roimh an dáta athnuachana aige nó aici. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar http://spsvlicensing2010.taxiregulator.ie

  • An raibh a fhios agat go bhféadfá cúig phointe pionóis a fháil ó 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh, i dteannta le fíneáil ar bith i leith ciontaithe Cúirte, dá mbeadh carr gan NCT bhailí á thiomáint agat. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an NCT agus pointí pionóis, féach le do thoil ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre nó ar Pointí Pionóis.

  • Torthaí Tástála NCT: Is féidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna pasrátaí/rátaí teipthe nuashonraithe NCT a sholáthar in aghaidh na míosa anois, agus torthaí do thástálacha agus atástálacha iomlána don bhliain go dáta. Léigh a thuilleadh >>