GINEARÁLTA

Is le Applus+ Car Testing Service Teoranta ("NCTS"), le ceannoifig aici ag Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24, an suíomh gréasáin seo agus tá sé á oibriú aici. Déantar tagairt don NCTS nuair a úsáidtear "muid", "ár" agus "sinne". Is faoi réir ár dtéarmaí agus coinníollacha úsáide atá leagtha amach thíos ("Téarmaí Úsáide") a úsáidfidh tú an suíomh gréasáin seo, agus, tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, tá tú ag comhaontú, agus ag deimhniú go gcomhaontaíonn tú, lena bheith faoi cheangal na dTéarmaí Úsáide seo. Ní cóir duit an suíomh gréasáin seo a úsáid gan ár dTéarmaí Úsáide a léamh. Trí dhul isteach in aon chuid den suíomh gréasáin seo, tá tú ag toiliú leis na Téarmaí Úsáide seo.

ATHRUITHE AR NA TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

D'fhéadfadh an NCTS aon saoráidí agus/nó seirbhísí a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin seo a mhodhnú nó deireadh a chur leo ó am go ham, ar chúis ar bith agus gan fógra, agus gan tú féin, aon úsáideoir eile nó aon tríú páirtí a bheith faoi dhliteanas. Coimeádann an NCTS an ceart athrú a dhéanamh dá lán-rogha féin ar ábhar, cur i láthair, feidhmíocht, saoráidí úsáideora agus/nó inúsáidteacht aon chuid den suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear na Téarmaí Úsáide seo ó am go ham. Ba chóir duit féachaint an bhfuil athrú ar bith ar na Téarmaí Úsáide seo gach uair a théann tú isteach sa suíomh. Deonaítear an ceadúnas teoranta seo ar choinníoll go gcomhaontaíonn tú le gach ceann de na Téarmaí Úsáide seo agus go ndéanfaidh tú dá réir.

ÚSÁID AN TSUÍMH GHRÉASÁIN

Mura bhforáiltear a mhalairt, is le haghaidh úsáide phearsanta agus neamhthráchtála amháin an suíomh gréasáin NCTS agus aon cheann dá shaoráidí agus/nó dá sheirbhísí. D'fhéadfá cuid den suíomh gréasáin a íoslódáil, a thaispeáint nó a phriontáil chun críocha pearsanta agus neamhthráchtála amháin. Comhaontaíonn tú nach ndéanfaidh tú aon eolas, bogearraí, táirgí agus seirbhísí ón suíomh seo a chóipeáil, a mhodhnú, a tharchur, a thaispeáint, a dháileadh, a chur i ngníomh, a atáirgeadh, a cheadúnú, a fhoilsiú, oibreacha díorthacha a chruthú as/astú, a aistriú nó a dhíol, nó ábhar an tsuímh seo a úsáid ar chuma eile chun é a athdhíol nó a athdháileadh, nó le haghaidh úsáide tráchtála eile ar bith. Ní úsáidfidh tú an suíomh nó aon cheann dá shaoráidí agus/nó dá sheirbhísí chun aon chríche atá neamhdhleathach nó coiscthe ag na Téarmaí Úsáide seo.
Ní úsáidfidh tú an suíomh seo i slí ar bith a d'fhéadfadh damáiste a dhéanamh do shuíomh NCTS, dá shaoráidí agus/nó dá sheirbhísí, a d'fhéadfadh iad a dhíchumasú, a ró-ualú nó dochar a dhéanamh dóibh, nó a d'fhéadfadh cuir isteach ar an úsáid agus/nó taitneamh a bhaineann páirtí eile as an suíomh, a shaoráidí agus/nó a sheirbhísí.
Níl cead agat iarracht a dhéanamh an suíomh NCTS, a shaoráidí agus/nó a sheirbhísí, nó aon chuntais, córais ríomhaire nó líonraí atá nasctha le haon suíomh NCT, a shaoráidí agus/nó a sheirbhísí, a rochtain gan údarú trí bhradaíl, cóipeáil pasfhocail nó meán eile ar bith.
Admhaíonn tú gur ceapadh an suíomh NCTS le húsáid i bPoblacht na hÉireann amháin, agus comhaontaíonn tú nach n-úsáidfidh tú nó nach rachaidh tú isteach sa suíomh seo i ndlínsí nó ó dhlínsí ina gcuirtear srian leis an suíomh nó lena ábhar, nó ina gcuirtear cosc ar an suíomh nó ar a ábhar ag an dlí áitiúil.
D'fhéadfadh naisc le suímh thríú páirtí a bheith ar an suíomh gréasáin seo. Tá an úsáid a bhaineann tú as suímh thríú páirtí faoi réir na dtéarmaí agus coinníollacha úsáide a chuimsítear i ngach ceann de na suímh sin. Téann tú isteach i suíomh gréasáin eile tríd an suíomh gréasáin seo ar do phriacal féin, agus níl an NCTS freagrach as nó faoi dhliteanas ag cruinneas aon eolais, sonraí, tuairimí nó ráiteas a dhéantar ar na suímh seo nó slándáil aon naisc nó cumarsáide leis na suímh sin. Coimeádann an NCTS an ceart chun deireadh a chur le nasc chuig suíomh thríú páirtí am ar bith. Má sholáthraíonn an NCTS nasc chuig suíomh gréasáin thríú páirtí, ní chiallaíonn sé seo go dtacaíonn an NCTS leis an suíomh gréasáin sin, go dtugann sí údarás dó nó go ndéanann sí urraíocht air, nó go bhfuil an NCTS ceangailte leis na suímh ghréasáin thríú páirtí, úinéirí nó urraitheoirí. Ní sholáthraíonn an NCTS na naisc seo ach amháin mar áis dóibh siúd a úsáideann an suíomh gréasáin.

FÓGRA CÓIPCHIRT AGUS CEADÚNAS TEORANTA

Tá an t-eolas, an t-ábhar, na graificí, an téacs, na fuaimeanna, na híomhánna, na cnaipí, na trádmharcanna, na comharthaí seirbhíse, na trádainmneacha agus na lógónna (na "hÁbhair") atá ar fáil sa suíomh gréasáin seo faoi chosaint ag cóipcheart, trádmharc, ceart bunachar sonraí, ceart sui generis agus dlíthe eile na maoine intleachtúla, faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi chonarthaí idirnáisiúnta. Coimeádann an NCTS agus/nó a ceadúnóirí (de réir mar a bheidh) gach ceart, teideal, leas agus ceart maoine intleachtúla sna hÁbhair agus ar na hÁbhair. Toirmisctear go dian na hÁbhair ar an láithreán gréasáin seo a úsáid gan toiliú roimh ré ón NCTS ar shlí ar bith eile, lena n-áirítear, cóipeáil nó atáirgeadh (chun críocha ar bith seachas na críocha a thugtar faoi deara thuas), modhnú, dáileadh, athfhoilsiú, baint amach, athúsáid, ionchorprú nó comhtháthú le hÁbhair nó oibreacha eile, nó athsheachadadh ina n-úsáidtear teicneolaíocht frámaíochta, de chineál ar bith agus is sárú é ar chearta maoine NCTS. Mura bhforáiltear a mhalairt go sainráite anseo, ní chóir aon ní sna Téarmaí Úsáide seo a fhorléiriú mar ní a thugann, go hintuigthe nó ar chuma eile, aon cheadúnas nó ceart faoi chóipcheart, paitinn, trádmharc, ceart bunachar sonraí, ceart sui generis nó leas eile maoine intleachtúla nó leas maoine de chuid an NCTS, a ceadúnóirí nó aon thríú páirtí.

SLÁNAÍOCHT

Mar úsáideoir an tsuímh ghréasáin seo, faoi na Téarmaí Úsáide seo, comhaontaíonn tú go ndéanfaidh tú an NCTS, a hoifigigh, stiúrthóirí, fostaithe, gníomhairí, fochuideachtaí, comhghleacaithe, soláthraithe agus aon cheann dár soláthraithe seirbhíse eolais thríú páirtí a shlánú agus a chosaint, agus go nglacfaidh tú leis go bhfuil siad neamhurchóideach, ó agus i gcoinne gach caillteanas, costas, damáiste agus costas, lena n-áirítear costais dlíthiúla, a eascróidh as sárú ar na Téarmaí Úsáide seo.

SEIRBHÍSÍ ÁIRITHINTE AR LÍNE

Is féidir leat NCT a chur in áirithe ar an suíomh gréasáin seo. Caithfidh tú rud éigin a thabhairt leat go dtí an tástáil chun do choinne a dhaingniú. Más mian leat, is féidir leat áirithint a athrú nó a chur ar ceal a ndéantar tríd an suíomh gréasáin seo. Ma chuireann tú áirithint ar ceal nó má atheagraíonn tú í laistigh de cúig (5) lá oibre roimh dháta na tástála (Luan - Aoine, gan lá na tástála a chur san áireamh), nó má theipeann ort teacht i láthair don tástáil, caithfidh tú táille chealúcháin a íoc ag an gcéad thástáil eile - tá sonraí le fáil faoin táille seo sa mhodh áirithinte.

SÉANADH

Is ar do phriacal féin a úsáideann tú an suíomh gréasáin seo i gcónaí. Glacann tú ort féin an fhreagracht ar fad as gach priacal caillteanais a tharlóidh de thoradh ar na saoráidí, seirbhísí nó ábhair a sholáthraítear ar an suíomh gréasáin seo, nó aon eolas eile a gheobhaidh tú agus an suíomh gréasáin seo á úsáid agat, a íoslódáil agus/nó a úsáid nó tagairt a dhéanamh dóibh nó iontaoibh a chur iontu. Comhaontaíonn tú nach mbeidh an NCTS faoi dhliteanas i leith damáistí a dhéanfar mar gheall ar an suíomh gréasáin seo a úsáid nó gan a bheith in ann é a úsáid agus tarscaoileann tú leis seo aon éilimh agus gach éileamh i leith an méid sin, cibé acu conradh, tort nó cúinsí eile is bonn dóibh.
Tá an suíomh gréasáin seo ar fáil “mar atá” ag gach úsáideoir gan aon uiríll nó barántais d'aon saghas, bíodh siad sainráite nó intuigthe. Ní dhéanann an NCTS aon uiríll, barántais nó gealltanais go mbeidh an suíomh gréasáin seo, nó an freastalaí a chuireann an suíomh ar fáil, saor ó lochtanna, lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, víreas, fabht, cur isteach, rochtain neamhúdaraithe, idirghabháil, athrú ar úsáid, calaois, goid, teip theicniúil, earráid, easnamh, idirscor, scrios, locht, moill nó aon imeacht nó teagmhas eile nach bhfuil smacht ag an NCTS air, a éillíonn riarachán, slándáil, cothroime agus sláine nó seoladh cuí aon ghné den suíomh gréasáin seo nó a dhéanann difear dóibh. Ní dhéanann an NCTS aon uiríll, barántais nó gealltanais faoi aon cheann de na saoráidí, seirbhísí agus/nó ábhair ar an suíomh gréasáin seo (lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, a gcruinneas, a n-iomláine nó a n-indíoltacht, a gcáilíocht nó a n-oiriúnacht d'fheidhm áirithe).

TEORAINN LE DLITEANAS

A mhéid is mó a cheadaítear le dlí is infheidhme, ní bheidh an NCTS, ná aon Stiúrthóirí, Fostaithe, Comhghleacaithe nó aon Ionadaithe eile faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáistí mar gheall ar na saoráidí, na seirbhísí agus/nó na hÁbhair a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin seo, lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, caillteanais nó damáistí indíreacha nó iarmhartacha, sonraí, ioncam, brabús nó deiseanna a chailliúint, cailliúint maoine nó damáiste di agus éilimh ó thríú páirtithe, fiú má tugadh comhairle don NCTS gurbh fhéidir go dtarlódh na caillteanais sin nó go ndéanfaí na damáistí sin, nó dá bhféadfaí le réasún an caillteanas nó na damáistí sin a thuar.
Gan teorainn a chur leis an méid sin roimhe seo, ní bheidh an NCTS, ná aon stiúrthóirí, fostaithe, comhghleacaithe, nó aon ionadaithe eile faoi dhliteanas i gcúinsí ar bith i leith feidhmíochta moillithe nó teipthe ar bith a bhaineann go díreach nó go hindíreach le gníomhartha nádúir, fórsaí nó cúiseanna thar rialú réasúnach, lena n-áirítear, ach ní hiad amháin a áirítear, teip idirlín, teipeanna trealamh ríomhaire, teipeanna teileachumarsáide, teipeanna trealaimh eile, cliseadh cumhachta leictreachais, stailceanna, díospóidí tionsclaíocha, círéibeacha, idirghníomhaíochtaí, suaití sibhialta, ganntanais lucht oibre nó ábhar, dóiteáin, tuilte, stoirmeacha, pléascáin, foichí Dé, cogadh, gníomhaíochtaí rialtais, orduithe ó chúirteanna nó binsí intíre nó eachtracha, neamhchomhlíonadh thríú páirtí, nó teas, solas nó aerchóiriú a chailliúint nó iomlaoidí orthu siúd

IOMPAR AS LÍNE

Cé nach féidir leis an NCTS monatóireacht a dhéanamh ar iompar a gcuid úsáideoirí as líne, is sárú é ar na Téarmaí Úsáide seo aon eolas ón suíomh gréasáin seo a úsáid chun duine éigin eile a chiapadh, drochíde a imirt air nó uirthi nó díobháil a dhéanamh dó nó di nó chun teagmháil a dhéanamh le húsáideoir nó duine ar bith, chun fógairt dó nó di, chun iarraidh air nó uirthi nó chun díol leis nó léi, gan toiliú sainráite a fháil uaidh nó uaithi roimh ré.

BEARTAS PRÍOBHÁIDEACHAIS

Ta meas ag NCTS agus ag a cuideachtaí comhlachaithe ar phríobháideachas na ndaoine a théann isteach sa suíomh gréasáin seo agus a úsáideann na saoráidí agus/nó na seirbhísí ann agus cosnaítear an príobháideachas seo. Chun sonraí iomlána a fháil ar an tslí a úsáideann an NCTS fianáin, an cineál eolais a bhailímid, conas a úsáidimid an t-eolas seo, naisc chuig suímh eile agus cathain a nochtaimid an t-eolas seo, léigh an Beartas Príobháideachais le do thoil a chorpraítear sna Téarmaí Úsáide seo agus atá ina chuid díobh.

DLÍNSE AGUS DLÍ RIALAITHE

Tá an suíomh gréasáin seo á rialú agus á oibriú ag Applus+ Car Testing Service Teoranta ó Éirinn. Ní dhéanann an NCTS aon uiríll go bhfuil na saoráidí, na seirbhísí agus/nó na hÁbhair a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin seo iomchuí nó oiriúnach le haghaidh úsáide i dtíortha eile seachas Éirinn, nó go gcloíonn siad le haon cheanglais dlíthiúla nó rialacháin sna tíortha eile seo. Téann tú isteach sa suíomh gréasáin seo ar do phriacal agus ar do chonlán féin, agus tá tú freagrach as dlíthe áitiúla a chomhlíonadh, sa mhéid go bhfuil aon dlíthe áitiúla infheidhmithe. Cuirtear cosc ar an suíomh gréasáin seo, na saoráidí, na seirbhísí agus/nó na hÁbhair a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin seo nó aon chuid díobh a chur ar fáil i do thír féin, nó duit féin (cibé mar gheall ar náisiúntacht, cónaí nó ar chuma eile, ní dhírítear an suíomh gréasáin seo, na saoráidí, na seirbhísí, agus/nó na hÁbhair a chuirtear ar fáil tríd an suíomh gréasáin seo, ort). Beidh na Téarmaí Úsáide seo faoi rialú ag agus forléirithe de réir dlíthe na hÉireann, agus comhaontaíonn tú leis seo, mar mhaithe leis an NCTS agus gan dochar do cheart NCTS imeachtaí maidir leis na Téarmaí Úsáide seo a thabhairt os comhair cúirte dlínse inniúla ar bith, go mbeidh dlínse ag cúirteanna na hÉireann chun éisteacht le gníomhaíochtaí nó imeachtaí ar bith nó cinneadh a ghlacadh ina leith a d'fhéadfadh eascairt as nó a bheith bainteach leis na Téarmaí Úsáide seo, nó a chuireann tú faoi bhráid dhlínse na gcúirteanna sin, ar bhealach neamh-inchúlghairithe, chun na críocha sin.

DLÍ ILGHNÉITHEACH

Ní mór aon tarscaoileadh ar aon fhoráil de na Téarmaí Úsáide seo a bheith i scríbhinn agus é sínithe ag NCTS chun bheith bailí. Aon tarscaoileadh ar aon fhoráil faoi seo, ní oibreoidh sé mar tharscaoileadh ar aon fhoráil eile, nó mar tharscaoileadh leanúnach ar an fhoráil chéanna amach anseo. Má chinneann aon chúirt dlínse inniúla go bhfuil aon fhoráil de na Téarmaí Úsáide seo ar neamhní nó nach féidir í a fhorfheidhmiú ar chúis ar bith, ansin beidh an fhoráil sin gan éifeacht a mhéid a bheidh cinnte ag an gcúirt gan difear a dhéanamh do bhailíocht agus d'in-fhorfheidhmeacht aon fhorálacha eile. Is ionann na Téarmaí Úsáide seo mar aon leis an tuiscint agus an comhaontú iomlán idir tú féin agus NCTS i ndáil le húsáid an tsuímh ghréasáin seo, a shaoráidí agus/nó a sheirbhísí, agus tá siad á gcur in ionad aon ráiteas, tuiscintí nó comhaontuithe nó gach ráitis, tuisceana nó comhaontaithe, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn, agus ní mhodhnófar iad ach amháin i scríbhinn agus é sin sínithe agatsa agus ag NCTS.