An Nuacht is Déanaí

  • Osclaíodh Ionad NCT na nGlaschnoc go hoifigiúil

    Osclaíodh an tIonad nua NCT sna Glaschnoic, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, go hoifigiúil ag an Aire Iompair, an tUasal Nollaig Ó Díomasaigh T.D. - tá 46 ionad NCTS ar fud na tíre anois. Is é ionad na nGlaschnoc, atá comhdhéanta de 5 lána, an ceathrú ionad tástála i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus fónfaidh sé do dhaoine ó Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Iarthar Chill Mhantáin agus Tuaisceart Chill Dara. Cliceáil anseo chun amharc ar roinnt grianghraf den ócáid oifigiúil seo.

  • Comhartha "e" ar na Boinn

    Taispeánann comhartha "e" go gcomhlíontar an t-íoschaighdeán comhaontaithe maidir le toisí, ualach agus luasrátáil an bhoinn. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil agus chun a fháil amach cén fáth go bhfuil sé tábhachtach boinn le comharthaí "e" a bheith agat.

  • Le héifeacht ó 1 Aibreán 2010 ar aghaidh, cuirfear 7 mír eile leis an Tástáil Náisiúnta Carranna.

    Cliceáil anseo chun amharc ar liosta iomlán de na príomhathruithe.

  • Is féidir an Lámhleabhar nua athcheartaithe NCT 2010 a íoslódáil anseo anois.

  • Ó 1 Eanáir 2010 ar aghaidh, agus an fheithicil á thabhairt isteach chun iniúchadh a dhéanamh uirthi, cuirfear de cheangal ar úinéir na feithicle/ar an duine a thugann an fheithicil isteach, foirm aitheantais (Ceadúnas Tiomána nó Pas amháin) a thabhairt leis nó léi go dtí an tIonad Tástála.

  • Stopfaidh an tseirbhís ceadúnaithe do bheagfheithiclí seirbhíse poiblí (SPSV) de bheith ag oibriú ó ionaid NCT ó 23 Nollaig 2009 ar aghaidh. Ó 4 Eanáir 2010 ar aghaidh, aistreoidh an tseirbhís seo go dtí líonra nua de 37 Ionad Réigiúnach á oibriú ag SGS Ireland ar son an choimisiúin. Seolfar mionsonraí ar na hionaid seo go dtí gach sealbhóir ceadúnais roimh an dáta athnuachana aige nó aici. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt le do thoil ar

    http://spsvlicensing2010.taxiregulator.ie

  • An raibh a fhios agat go bhféadfá cúig phointe pionóis a fháil ó 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh, i dteannta le fíneáil ar bith i leith ciontaithe Cúirte, dá mbeadh carr gan NCT bhailí á thiomáint agat. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an NCT agus pointí pionóis, féach le do thoil ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre nó ar Pointí Pionóis.

  • Torthaí Tástála NCT: Is féidir leis an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Carranna pasrátaí/rátaí teipthe nuashonraithe NCT a sholáthar in aghaidh na míosa anois, agus torthaí do thástálacha agus atástálacha iomlána don bhliain go dáta. Léigh a thuilleadh >>