-
Is iad seo a leanas roinnt freagraí ar na ceisteanna coitianta maidir leis an Tástáil Náisiúnta Carranna. Roghnaigh ceist ón liosta seo thíos le do thoil. Mura mbíonn tú ábalta freagra a aimsiú ar an ceist atá agat, déan teagmháil le do thoil ansin leis an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí ar 1890 200 670 nó cuir ríomhphost chuig info@ncts.ie agus beidh áthas ar chomhalta den fhoireann NCT cabhrú leat le do cheist.
1. Cathain ar thosaigh an tástáil carranna?
Tosaíodh ar thástáil a dhéanamh ar fheithiclí príobháideacha (lena n-áirítear allmhairí smolchaite) in Éirinn ar an 4 Eanáir 2000. Tugtar an NCT (An Tástáil Náisiúnta Carranna) ar an tástáil.
-
2. Cén fáth ar tugadh an tástáil carranna isteach?
Tugadh an NCT isteach chun an tsábháilteacht ar bhóithre agus cosaint an chomhshaoil a fheabhsú agus chun cloí leis an Treoir ón Aontas Eorpach 2009/40/CE, a chuireann de cheangal ar gach ballstát den Aontas Eorpach tástáil a dhéanamh ar charranna. -
3. Cad iad na carranna ar ghá tástáil a dhéanamh orthu agus cé chomh minic?
Ní mhór do gach car níos sine ná ceithre bhlain d'aois dul faoi an NCT.Ta an dáta dlite NCTC ríomhta trí thagairt don dáta an chéad chlárú an ghluaisteáin ,agus tástálacha dlithe gach dhá bhliain le haghaidh gluaisteán níos óige ná 10 bliain d'aois.
Ag tosú an 1 Meitheamh 2011 tá rialacháin nua ag teacht i bhfeidhm i leith gach gluaisteáin 10 bliana d'aois agus níos sine –Beidh an NCT dlite gach bliain óna chomóradh deich mbliana den chéad chlárú.
Cuimhnigh: beidh do teastas NCT in éag tar éis an dáta cothrom clárúcháin is cuma cathain a ghlacann tú an tástáil –Mar sin níl aon bhuntáiste a bheith go moil leis .
Leanfar ar aghaidh le feithiclí tráchtála a bheith tástáilta ag ionaid VTN.
Cabhróidh an chairt seo leat chinneadh cén bhliain go bhfuiil d"fheithicil dlite don NCT.
X Léiríonn sé go bhfuil feithicil dlite ar thástáil sa bhliain sin.X* Léiríonn sé feithicil le chead chlárú nó bliain de mhonarú dlite ní mór a bheidh thástáilta i 2012, más rud é go bhfuil sé thástáilta i ndiaidh an 1 Meitheamh 2011 (an dáta a thabhairt isteach tástáil bhliantúil d"fheithiclí 10 bliana d"aois agus níos sine), nó má tá sé thar téarma le haghaidh tástála ó tréimhsí roimhe sin.
-
4. Conas a bheadh a fhios agam cathain ar ghá tástáil a dhéanamh ar mo charr?
Ba chóir tástáil a dhéanamh ar gach carr ceithre bliana ar an dáta ar cláraíodh an carr sa tír thionscnaimh, nó roimh an dáta seo (féach an nóta thíos maidir le carranna allmhairithe). Níl baint ar bith ag an tástáil leis an dáta éaga mótarchánach nó árachais.
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Is féidir leis an NCTS do theastas a thabhairt duit suas le sé mhí roimh ré don chéad NCT, agus suas le trí mhí roimh ré do na tástálacha NCT ina dhiaidh sin. Mar shampla, cláraíodh carr don chéad uair ar an 5 Meitheamh 2006. Is é an 5 Meitheamh 2010 an dáta dlite NCT don charr seo, tugadh an carr isteach ar an 26 Eanáir 2010 chun an NCT a dhéanamh air agus fuarthas pas sa tástáil. Faightear Teastas NCT leis an dáta éaga, 4 Meitheamh 2012.
-
5. An bhfuil aon charranna ann nach gá NCT a dhéanamh orthu?
Mótarfheithiclí a úsáidtear ar oileáin nach bhfuil aon cheangal bóthair acu leis an mórthír agus mótarfheithiclí is leis na Fórsaí Armtha, an Garda Síochána nó an tSeirbhís Dóiteáin iad, ní gá tástáil shainordaitheach ródacmhainneachta a dhéanamh orthu i láthair na huaire. Ní gá tástáil a dhéanamh ach oiread ar na feithiclí a cláraíodh roimh 1980.
-
6. Conas mar is féidir liom scrúdú a chóiriú má tá NCT ag teastáil uaim?
Má tá do charr incháilithe don NCT (féach le do thoil ar an gcairt tástála thuas) cuir glaoch orainn le do thoil ar 1890 412 413, nó féach ar ár seirbhís ar líne trí chláruimhir an chairr agus an dáta ar cláraíodh an fheithicil don chéad uair a chur isteach (tá an t-eolas seo ar fáil i do leabhar cláraithe feithiclí, ar do dheimhniú clárúcháin nó deimhniú ceadúnaithe).
Carranna nach raibh ar an mbóthar nó faoi cháin ar feadh breis agus 3 mhí, caithfidh úinéir na feithicle teagmháil a dhéanamh leis an NCTS go díreach.
TABHAIR FAOI DEARA LE DO THOIL: Is féidir leis an NCTS do theastas a thabhairt duit suas le sé mhí roimh ré don chéad NCT, agus suas le trí mhí roimh ré do na tástálacha NCT ina dhiaidh sin. Mar shampla, cláraíodh carr don chéad uair ar an 5 Meitheamh 2008. Is é an 5 Meitheamh 2012 an dáta dlite NCT don charr seo, tugadh an carr isteach ar an 26 Eanáir 2012 chun an NCT a dhéanamh air agus fuarthas pas sa tástáil. Faightear Teastas NCT leis an dáta éaga, 4 Meitheamh 2014
-
7. Cén áit a dhéanfar tástáil ar mo charr?
Tá 47 Ionad NCT ar fud na hÉireann a bunaíodh chun an tástáil carranna a dhéanamh, cliceáil anseo chun liosta iomlán a fháil de na hionaid tástála. Tá siad neamhspleách go hiomlán ón tionscal garáiste agus ón mhótarthionscal. Tiománaithe aonair le carranna atá incháilithe don tástáil, is féidir leo an t-ionad is gaire dóibh a roghnú nó aon cheann de na 46 ionad.
-
8. Cé a dhéanfaidh an tástáil?
Bronnadh conradh 10 mbliana ar Applus+ le déanaí chun an tseirbhís tástála carranna a bhainistiú in Éirinn, tógfar dhá ionad nua mar chuid den chonradh seo freisin agus oibreofar iad, rud a chinnteoidh go dtiocfaidh méadú ar líon reatha na n-ionad go dtí 48 Ionad imscrúdaithe. Soláthróidh Applus+ réiteach úrscothach teicniúil chun cuidiú le hiniúchadh a dhéanamh ar bhreis agus 1.4 mhilliún fheithicil in aghaidh na bliana.
-
9. Cé mhéid a bheidh ar an tástáil?
Is é an táille NCT ar thástáil iomlán 50.00 Euro agus beidh a mhéadú go dtí 55.00 euro ó 1 Feabhra 2012, agus 28.00 Euro ar an atástáil (tá CBL san áireamh leis na táillí seo agus d'fhéadfaí iad a athrú gan fógra). Atástálacha, nach gá trealamh tástála a úsáid ina leith, beidh siad saor in aisce. Nuair a dhéantar atástáil ar mhionmhíreanna, mar shampla, amharciniúchadh chun a chinntiú gur athsholáthraíodh cuimilteoirí lochtacha gaothscátha, bíonn an atástáil saor in aisce.
Glacfaidh an NCTS le hairgead tirim, cárta léasair/dochair agus gach saghas príomhchárta creidmheasa(eisceadh American Express).
-
10. Cad iad na sochair a bhaineann le tástáil carranna?
Cuirfidh an tástáil carranna feabhas ar shábháilteacht ar bhóithre agus ar chosaint an chomhshaoil. Áireofar leis na sochair eile:
- Carranna níos sábháilte agus dúshlánaí, ré feidhme feithicle níos fearr & ídiú breosla laghdaithe
- Truailliú aeir agus truailliú de dheasca torainn laghdaithe
- Préimheanna féideartha árachais laghdaithe
- Deiseanna fostaíochta ar fud na hÉireann
-
11. Cad iad na míreanna a ndéanfar scrúdú orthu i rith na tástála?
Sonraítear sa Treoir ón AE na míreanna a ndéanfar scrúdú orthu.
D'fhoilsigh an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an Lámhleabhar um Thástáil Náisiúnta Carranna (NCT) ina shonraítear na caighdeáin tástála - is féidir an lámhleabhar a íoslódáil ón suíomh seo.
-
12. Conas a chuirtear caighdeáin astúcháin i bhfeidhm i gcás seancharranna?
Braitheann na caighdeáin astúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar an mbliain inar cláraíodh an fheithicil. Braithfidh na teorainneacha a chuirfear i bhfeidhm ar an mbliain déantúsaíochta.
-
13. Cén tslí is fearr dom chun ullmhú a dhéanamh don NCT?
Chun ullmhú le haghaidh thástáil bígí chinnte go bhfuil:
1. Do charr leordhóthanach le ola agus uisce.
2. An tosaithe agus na suíochán folamh , gan aon rudai pearsanta - den sort mar shuíocháin leanbh inaistrithe. Má tá an suíochán leanbh fágtha sa ghluaisteán le haghaidh an NCT beidh sé sheiceáilta go bhfuil sé feistithe i gceart.
3. An fheithicil go réasúnta glan (go háirithe an taobh faoi).
4. Na rotha gan hubcaps (ach amháin i gcás nuair nach bhfuil na cnóite roth infheicthe) agus na boinn teannta go dtí an brú ceart.
5. An t-inneall i stát oiriúnach a thástáil eg Cam crios /crios ama . D'fhéadfaí iarraidh ort a shíniú fógra séanta ag an ionad tástála.
6. Na criosanna sábhála agus claspaí infheicthe go hiomlán.
7. Do plátaí clárúcháin i gcomhlionadh leis na rialacháin atá ann faoi láthair.
8. Molann an NCTS go bhfuil do soilse sheiceáilta agus leagta roimh an NCT
9. Bigi Cinnte le do thoil aitheantais a thabhairt leat (ceadúnas tiomána nó pas amháin) mar iarrfar ort an aitheantais a thabhairt ar aird nuair a thagann tu chuig an ionad tástála.
10. Cinntigh le do thoil go bhfuil d'fheithicil ag teocht ghnáthchoinníollacha oibríochta roimh teacht ar an ionad tástála le haghaidh cigireachta.
11. Ná déan dearmad a thabhairt leat do leabhar clárúcháin feithicle, deimhniú clárúcháin nó deimhniú ceadúnaithe agus do tháille tástála.
Mura mbíonn na míreanna thuas Glactha, beidh chance ann nach d'fhéadfadh an NCTS d'fheithicil a thástáil.Cinntigh le do thoil ,gach earraí luachmhara a bhaint as an fheithicil roimh an NCT.
D’fhonn cinntiú nach gcailleann tú do choinne, molaimid go mbíonn sé de rún agat theacht 10 nóiméad go luath nó má bhíonn tú mall, tá seans ann go mbeidh ort coinne eile a dhéanamh do lá éigin eile agus táille chealaithe de €22.00 a íoc.
Cliceáil anseo chun cóip den iatán NCT ar conas ullmhú don tástáil a íoslódáil, ina dtugtar aird go speisialta ar dhíriú ceannsoilse, ar astúcháin sceite agus ar oibriú na gcoscán.
-
14. Má theipeann orm sa NCT, cathain is féidir liom atástáil a chur in áirithe?
Ní foláir gach atástáil a chur in áirithe laistigh de 21 lá ón tástáil thosaigh. Beidh atástálacha saor in aisce nuair nach gá lána tástála a úsáid ina leith. Déanfar atástáil saor in aisce ar mhionmhíreanna amhairc, mar shampla chun a chinntiú gur athsholáthraíodh cuimilteoirí gaothscátha agus plátaí clárúcháin. Ní foláir atástálacha a dhéanamh laistigh de 30 lá ón tástáil thosaigh nó caithfear tástáil iomlán eile a dhéanamh agus táille iomchuí a ghearradh ina leith.
Chun cabhrú leat a thuiscint cán fáth ar theip ar d'fheithicil san NCT, tá miniú gairid ar do Tuairiscáil Cigireachta Feithicle (VIR) agaus is féidir a fháil trí chiceáil anseo
-
15. Conas a chuirfear an tástáil carranna i bhfeidhm?
Tá an Garda Síochána, le rochtain aige ar ár dtaifid, freagrach as an tástáil carranna a chur i bhfeidhm. Ní foláir Diosca NCT a thaispeáint ar ghaothscáthanna na gcarranna ar fad atá incháilithe, a thaispeánfaidh láithreach go bhfuair na carranna pas sa tástáil.
-
16. An gcaithfidh mé NCT a dhéanamh ar mo charr más rud é gur allmhairíodh é ón Ríocht Aontaithe, ó Thuaisceart Éireann nó ó thír éigin eile ina bhfuarthas deimhniú ródacmhainneachta ina leith cheana?
An freagra atá ar an gceist seo ná SEA - caithfear tástáil NCT a dhéanamh ar gach carr in Éirinn atá ceithre bliana nó níos sine. Tagann carranna allmhairithe faoi dhá chatagóir agus braitheann sé seo ar cathain ar allmhairíodh isteach in Éirinn iad. Chun eolas níos mionsonraithe a fháil ar na catagóirí seo, déan teagmháil le do thoil leis an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí ar 1890 200 670.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar do fheithicil a allmhairiú, déan teagmháil le do thoil leis na Coimisinéirí Ioncaim.
-
17. Conas is féidir leis an bpobal a bheith cinnte go mbeidh an tástáil cóir agus go gcaithfear le gach duine mar an gcéanna?
Déanann an AA (Automobile Association) agus PWC (Price Waterhouse Coopers) maoirseacht agus faireachán ar an Tástáil Náisiúnta Carranna (NCT) ar son an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Oibrítear an líonra Ionad NCT neamhspleách ón líonra mótarthionscail agus garáistí, ag cinntiú comhsheasmhachta tástála trasna na tíre. Is córas tástála ard-uathoibrithe agus faoi ríomhrialú é an córas tástála NCTS agus soláthraíonn sé an tslándáil agus an cruinneas tástála is airde. Leagtar caighdeáin aonfhoirmeacha amach sa Lámhleabhar NCT.
-
18. Cad a dhéanfaidh mé má chaillim mo Theastas nó Tuairisc NCT?
Is féidir leat táille €12.70 a íoc as teastas nó tuairisc nua. Ní foláir duit dul go dtí stáisiún áitiúil an Gharda Síochána agus foirm RF134 a fháil - caithfidh na Gardaí stampa a chur ar an bhfoirm seo agus í a shíniú. Cuir an fhoirm chomhlánaithe seo, chomh maith le do dhiosca gaothscátha nó Teastas NCT, cibé cuid a d'fhéadfadh a bheith agat fós, agus Dréacht Bainc nó ordú poist iníoctha le Applus Car Testing Service Teo., chuig: Riarthóir na dTeastas Tástála, NCTS, Céide an Locha 3026, Campas Gnó Iarthar na Cathrach, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 24.
Chun Tuairisc athsholáthair NCT a fháil, scríobh chuig Riarthóir na dTeastas Tástála ag an seoladh thuas le cláruimhir, déantús agus múnla an chairr, sonraí an úinéara agus an táille €12.70. D'fhéadfadh na táillí seo a bheith faoi réir ag athrú.
-
19. Cad iad na míreanna breise a chuirfear leis an NCT ó Aibreán 2010 ar aghaidh?
Cuirfear 7 mír eile leis an NCT ó Aibreán 2010 ar aghaidh, lena n-áirítear: Tréshoilseacht an ghaothscátha agus na dtaobhfhuinneog tosaigh, Torann ó phíobán sceite na feithicle, Cúl-lampa ceo, Lampa cúlaithe, Cúl-sholas uimhirphláta, Boinn agus Táscairí mífheidhme do na Málaí Aeir, don Chóras leictreonach rialaithe cobhsaíochta agus don Chóras coscánaithe frithghlasála. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar na míreanna nua iniúchta seo. -
20. Cén feithiclí nach bhfuil tastálta ag an NCTS?
Ní mór do gach feithiclí earraí trom agus earraí éadroma a iniúchadh in ionad VTN ceadaithe agus NACH ag ionad NCTS.
Tabhair faoi deara: tá fheithiclí earraí éadroma aicmithe mar seo a leanas: Go bhfuil an cumas acu ach dhá paisinéirí a iompar,nach bhfuil fuinneoga agus nach bhfuil doirse ar bith ar chúl
-
21. Cad iad na Bearta Rialú Cáilíochta a bhfuil i bhfeidhm ag an NCTS?
Cloíonn an NCTS le córas monatóireachta neamhspleách go han dian a chlúdaíonn gach gné de na gníomhaíochtaí an comhlacht ,déantar é seo trí PricewaterhouseCoopers agus an Cumann Gluaisteán (AA). Tá gach trealamh tástála calabraithe ar bhonn dian rialta ag an soláthróir trealamh agus nímhór don NCTS soláthair an Cumann Gluaisteán le taifid calabrú do gach trealamh tástála. Tá monatóireacht agus maoirseacht déanta ag na h- innealtóirí AA ar na seiceanna tástáil comhsheasmhacht trealamh.
Chomh maith leis na seiceálacha seachtracha a dhéanann na eagraíochtaí atá liostaithe thuas, stiúireann an NCTS a gcuid iniúchtaí uileghabhálach inmheánacha féin a chlúdaíonn seiceálacha cosúil le monatóireacht ar an bpróiseas tástála, athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar ghearáin ó chustaiméirí, measúnuithe cigirí go rialta agus" siopadóireacht mhistéireach" áit a bhfuil feithiclí le fabhtanna aitheanta curta tríd an bpróiseas cigireachta NCT chun fheiceáil má sainaithníonn an teist na fabhtanna sin.
Cén fáth nách seiceáileann thú an liosta iomlán de na rialaithe cáilíochta a rialaíonn an oibriú an tSeirbhís Náisiúnta Tástála Caranna (NCTS).