-
Tá sé mar chuspóir ag NCT seirbhís tástála carranna neamhspleách agus ardghairmiúil a chur ar fáil, a chuireann feabhas ar shábháilteacht do fheithicle agus a léiríonn ár dtiomantas do na caighdeáin seirbhíse do chustaiméirí is airde a chur ar fáil duit. D'fhéadfadh iniúchóir neamhspleách atá údaraithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre teagmháil a dhéanamh leat go hócáideach chun taighde a dhéanamh ar sheirbhís do chustaiméirí.
-
Caighdeáin Seirbhíse do Chustaiméirí
-
Tá sé mar chuspóir againn:
-
1. Cúirtéis a thaispeáint dár gcustaiméirí agus meas a bheith againn orthu an t-am ar fad agus foighne agus tuiscint a thaispeáint agus a gcuid fiosrúchán nó gearán á bplé againn.
-
2. Rátáil sásaimh chustaiméirí 90% a bhaint amach ar a laghad.
-
3. Glacadh le háirithintí a dhéantar tríd an bpost, tríd an teileafón, trí facs, trí ríomhphost nó go pearsanta. Pléimid go pras agus go cúirtéiseach le do ghlaonna teileafóin. Freagrófar 90% de na glaonna a chuirtear ar ár n-uimhreacha Íosghlao áirithinte agus ar na huimhreacha ar línte cabhracha chustaiméirí laistigh de 15 shoicind.
-
4. A chinntiú go mbeidh coinne ar fáil ag ionad áirithe tástála laistigh de thrí sheachtain ar an meán, le tástáil saor is aisce ar fáil má thógann sé níos mó ná ceithre sheachtain. Cuirfear teist saor in aisce ar fáil don custaiméir i gcás nach féidir coinne a bheith ar fáil laistigh de thréimhse ceithre seachtaine , ar choinníoll:
• Nár dhiúltaigh an Chustaiméirí a coinne tástála (daingnithe nó sealadach) níos mó ná dhá uair, ag ionad tásála a roghnaigh siad, le haghaidh thástáil atá dlite ag an am seo
• Nach bhfuil áirithinte glactha ag an Chustaiméara roimhe sin lasmuigh den tréimhse 4 seachtaine. -
5. Atástáil saor in aisce a chur ar fáil, laistigh de lá oibre amháin ón gcéad thástáil, nuair nach gá lána tástála a úsáid ina leith, agus gach atástáil a dhéanamh laistigh de sheachtain amháin ar an meán nó dhá sheachtain ar a mhéad ón gcéad thástáil.
-
6. Gach ionad NCT a oscailt don mhéid uaireanta atá riachtanach chun an t-éileamh áitiúil i ngach ceantar a chomhlíonadh. Áireofar leis seo maidin amháin ar oscailt go luath (8rn)*, tráthnóna amháin ar oscailt go déanach (7in)* agus uaireanta ar oscailt maidir Sathairn. (* faoi réir ag éileamh áitiúil).
-
7. Leath uair an chloig a chaitheamh ar a mhéad ag ciúáil ag ionaid NCT, ar an gcoinníoll go mbíonn tú in am (tástáil saor in aisce ar fáil má bhíonn tú ag ciúáil ar feadh níos mo ná uair an chloig).
-
8. Tuairisc tástála atá soiléir agus éasca le tuiscint a sholáthar duit, a mhíneoidh cén fáth go bhfuair do charr pas sa tástáil nó gur theip air. Tabharfaidh ár n-iniúchóirí feithiclí treoir duit agus cuirfidh siad ar an eolas tú faoi aon lochtanna, chun cabhrú leat na deisiúcháin riachtanacha a dhéanamh.
-
9. Freagra a thabhairt ar do chomhfhreagras scríofa laistigh de 5 lá oibre ón lá a ghlactar leis nó fógra a thabhairt duit de rogha ar sin, laistigh de 3 lá oibre, go bhfuarthas do chomhfhreagras, agus freagra iomlán a chur chugat laistigh de 10 lá oibre.
-
10. Próiseas gearáin agus achomhairc cóir, éifeachtúil agus trédhearcach a chur ar fáil duit. Má tá gearán agat, labhair leis an maoirseoir ionad tástála ar dtús le do thoil. Mábhíonn tú míshásta le toradh an phróisis inmheánaigh achomhairc, beidh sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an mBord Neamhspleách Achomhairc AA.
-
11. Timpeallacht taitneamhach agus compordach a chur ar fáil duit inar féidir leat fanacht go dtí go gcríochnófar an tástáil.
-
12. Sholáthar na caighdeáin is airde de Ionracas tástála. Más rud é, áfach, tá aon imní ort a bhaineann le ionracas ár gcaighdeáin tástála, ba mhaith linn tú a spreagadh teagmháil a dhéanamh linn tríd ár líne ionracas.
Geallaimid go mbeidh aon eolas a fhaightear a coimeád faoi rún daingean