• Tá sé de cheart agat Gearán nó Achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú ar Theastas Tástála

  • Gearáin

    Má tá tú míshásta maidir le haon ghné dár seirbhís, beidh sé de cheart agat, agus tabharfar spreagadh duit, gearán a dhéanamh.

    D'fhéadfá é seo a dhéanamh trí chur síos iomlán a dhéanamh ar do ghearán ar Fhoirm Gearáin (QP 003), ar féidir a fháil ón Ionad Tástála nó trí ghlaoch a chur ar an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí agus an fhoirm a chur ar an bpost chuig an seoladh thíos. De rogha ar sin, d'fhéadfá glaoch a chur ar an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí go díreach ar an Uimhir Íosghlao 1890 200 670 agus do ghearán a thaisceadh léi.

  • Déanfar scrúdú ar do ghearán. Gheofá freagra dár dtorthaí laistigh de 2 sheachtain ó do ghearán a bheith glactha ag an NCTS.

    An Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí
    NCTS,
    Céide an Locha 3026
    Campas Gnó Iarthar na Cathrach
    Baile Átha Cliath 24

  • Achomharc a Dhéanamh i gCoinne Diúltú ar Theastas NCT

    Má cheapann tú gur diúltaíodh Teastas NCT go míchóir duit, ba chóir duit an rud faoina bhfuil tú buartha a threorú, ar an gcéad dul síos, chuig an duine atá i gceannas ar an Ionad Tástála seo sula bhfágann tú an t-ionad. Soiléireofar míthuiscintí simplí go minic leis an gcur chuige seo.

    Má cheapann tú, tar éis don ionad tástála a fhágáil, gur diúltaíodh Teastas NCT go míchóir duit, ba chóir duit filleadh ar an ionad tástála agus labhairt leis an duine i gceannas. Arís, réiteofar míthuiscintí simplí go minic leis an gcur chuige seo. Más rud é nach réiteofar d’fhadhb leis an gcur chuige seo, ba chóir duit scríobh chuig an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí NCTS ag an seoladh thús, agus breac-chuntas soiléir a thabhairt ar na rudaí faoina bhfuil tú buartha. Chun é seo a dhéanamh, ba chóir duit a bheith ábalta foirm gearáin a fháil ó d'Ionad áitiúil NCT. Déanfaidh an tSeirbhís do Chustaiméirí NCTS scrúdú ar do ghearán agus cuirfear freagra chugat laistigh de 2 sheachtain.

    Más rud é, ina dhiaidh sin, go gceapann tú gur diúltaíodh Teastas NCT go míchóir duit, d'fhéadfá Achomharc Foirmiúil a thaisceadh leis an B.N.A. (Bord Neamhspleách Achomhairc). An duine i gceannas ar labhair tú leis nó léi, tabharfaidh sé nó sí an fhoirm ábhartha duit agus treoirnóta gearr ar conas d'Achomharc a thaisceadh leis an B.N.A.